エピソード

  • Ar imirce: Is emigration a just rite of passage dúinn mar Éireannaigh?
    2024/09/19
    Tá muid ag imeacht linn le fada, ag fágáil slán ag an bhfód dúchais agus imeacht ar imirce. Agus d’ainneoin shaibhreas na linne seo tá muid ag imeacht i gcónaí. Cén fáth a bhfuil muintir na tíre seo chomh tógtha leis an domhain a thaiscéal? Labhair Ciaran Dunbar leis an tionchaire Caroline Seoighe atá lonnaithe in Dubai, agus leis an mhúinteoir Rachel King, atá in Qatar. Foclóir Thar lear – abroad – táithí oibre – work experience – eispéireas - experience – Eachtrannach - foreign – Coitianta – usual – Cumha i ndiaidh an bhaile - homesickness – Airím uaim – I miss – Tionchaire – influencer – Choíche - never – Annamh – rare – Deifir – hurry – Ganntanas – a lack – Geal – Bright – Árasán – apartment – Socrú isteach – settle in – An Meánoirthear – the Middle East –

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    続きを読む 一部表示
    18 分
  • Toghchán na Samhna: Cad is féidir le Simon Harris a fhoghlaim óna chuid predecessors?
    2024/09/16
    Cé go bhfuil muid ar fad ag súil le toghchán spleodrach transa an Atlantach i mí na Samhna idir Trump agus Harris, seans go mbeidh olltoghchán idir lámha againn féin, agus Harris dár gcuid féin ag smaoineamh ar dhul sa tseans. Ach, an é seo an t-am is fearr le toghchán a shocrú? Cad é is féidir le Simon Harris foghlaim ó na Taoisigh a chuaigh roimhe maidir le tábhacht ‘timing’ toghcháin? Labhair John Downing, comhfhreagaí polaitiúil an Irish Independent, le Tessa Fleming faoinam is fearr le toghchán a reáchtáil. Foclóir: Oll-toghchán – general election - Geilleagar - economy - A loit – to hurt - Boithrín na smaointe – memory lane - Gearchéim – crisis - Clis – crash - Go hachrannach – acrimoniously - Eisceachtúil – exceptional - Teipeanna – failures - Triúracht - Troika - Cuimsitheach - comprehensive - I mbarr a réime – at his peak - Tapaigh an deis – seize the opportunity - Iarrthóirí – candidates - Comhghleacaí – colleagues - Focal scoir – to conclude -

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    続きを読む 一部表示
    19 分
  • ‘An Cailín Ciúin’ filmmakers ag obair ar scannán eile
    2024/09/12
    Tar éis an rath ollmhór a bhí ar an scannán An Cailín Ciúin ar fud na cruinne, deir déantóirí an scannáin, Colm Bairéad agus Cleona Ní Chrualoí, go bhfuil siad ag obair ar scannán eile. Eisíodh An Cailín Ciúin i 2022. Fuair sé ardmholadh ó gach carn den domhan agus ba é an chéad scannán Gaeilge ainmníodh do na Oscars. Labhair Colm agus Cleona le Tessa Fleming faoi cad é atá i ndán d’earnáil scannáin na Gaeilge. Foclóir: Aitheantas - recognition Léirmheas – review Rath – success Tháinig sé aniar aduaidh orainn – It surprised us Oráid - speech Earnáil - industry Tonn – wave Ag treabhadh linn - we're getting on with it Cumhachtach – powerful Eagarthóireacht - editing Sáite - immersed Meafar - metaphor Dushláin - challenges Dua – effort Baill – members Infheistíocht - investment

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    続きを読む 一部表示
    19 分
  • Jeffery Donaldson pleads neamhchiontach
    2024/09/10
    Phleadáil Jeffery Donaldson agus a bhean chéile neamhchiontachar chúisimh atá á gcur ina leith a bhaineann le líomhaintí coireanna gnéis. Tá 18 gcúiseammh curtha i leith Jeffery Donaldson, a bhaineann le héigniú, ionsaí mígheanasach agus gníomh ró-mhígheanas. Beidh an triail ag tosnú ar an 24ú Márta 2025. Foclóir: Neamhchiontach – not guilty Dheimhnigh – confirmed Cúisimh – charges Breitheamh – judge Iarratas – application Na meáin – the media Sonraí – details Gabhadh – arrested Bannaí- bail

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    続きを読む 一部表示
    8 分
  • An Ghaeilge ar líne: Na mílte ag foghlaim le ‘Irish with Mollie’
    2024/09/05
    Tuairiscítear go bhfuil laghdú tagtha ar líon na ndaltaí a rinne an scrúdú Gaeilge san Ardteistiméireacht i mbliana. Ach ag an am céanna, tá an Ghaeilge ag dul ó neart go neart ar líne. Le os cionn 170,000 leantóir ar Instagram agus grúpaí ar fud fad na cruinne ag glacadh páirt i ngrúpaí Gaeilge faoi stiúir Múinteoir Mollie, is léir go bhfuil an spéis sa teanga agus an fonn atá ar dhaoine í a fhoghla ag neartú. Tá tionchar ag na scannáin An Cailín Ciúin agus Kneecap le mothú i bhfad i gcéin mar a bhfuil grúpaí comhrá, ranganna agus ábhar ar fáil ar líne. Tá áiseanna ar fáil do chách a bhfuil suim acu sa teanga. Ach cén fáth, mar sin go bhfuil laghdú spéise sa teanga le feiceáil ag an dara leibhéal? San eagrán seo, labhraíonn Róisín Ní Mhaoláin le Mollie Guidera ón gcúntas Instagram 'Irish with Mollie' faoin modh oibre atá aici chun daoine a mhealladh i dtreo na teanga, na tuairimí atá aici ó thaobh múineadh na teanga di agus neart eile. Foclóir: Aipeanna – apps Pobal – community Cuimsitheach - inclusive Fiúntach - rewarding Oidhreacht - heritage Ionannas – identity Dúchas - heritage Magadh - joking Dlíodóir - solicitor Timpeallacht - environment Iontráil - enter Doimhneacht - depth Coilíniú - colonisation

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    続きを読む 一部表示
    24 分
  • An ‘Sos Cogaidh’ 30 bliana ar aghaidh: The impact of the IRA’s ceasefire
    2024/08/30
    D’fhógair an IRA a chéad ‘sos cogaidh’ tríocha bliain ó shin ar an 31 Lúnasa 1994.Tar éis 25 bhliain de choimhlint agus 1,700 duine a mharú, chuir an tIRA stop leis an fhoréigean. Meastar gur eachtra chinniúnach é sa Phróiseas Síochána. San eagrán seo de Seachtain, téann Ciarán Dunbar síos bóithrín na smaointe leis an staraí acadúil Fearghal Mac Bhloscaidh. Foclóir: Sealadach – proivisional Comhréiteach - compromise Lámh in uachtar – the upper hand Trian – a third Easaontóirí - dissidents Díbir - expel Buan – permanent Constaicí - barriers Seicteachas – sectarianism Críoch deighilt - partition

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    続きを読む 一部表示
    19 分
  • Ciontach: Dúnmharú Mary Callinan agus Sylvia Sheils i nGráinseach Ghormáin
    2024/08/29
    Ba thuras fada a bhí i gceist sula raibh a fhios ag na Gardaí céard go díreach a tharla do Mary Callinan agus Sylvia Sheils ar an 7ú lá de mhí an Mhárta sa bhliain 1997. Ní hamháin go raibh clann agus cairde leis an mbeirt croí bhriste tar éis an dúnmharú seo, a tháinig aniar aduaidh, i gceantar ciúin a mhothaigh muintir na háite, i nGráinseach Ghormáin, slán sábháilte ach bhí go leor ceisteanna le freagairt sula mbeadh a fhios céard go díreach a tharla don bheirt bhan aosta. San eagrán seo, atá mar chuid de shraith choireachta ar phodchraoladh Seachtain, labhraíonn Tessa Fleming le Róisín Ní Mhaoláin chun chuile casadh sa scéal a mhíniú go mion. Foclóir: Mionscrúdú - examination Meabhairshláinte - mental health Fíochmhar - ferocious Fiosrúchán - inquest Dúnmharú - homicide Athbhreithniú - review Leochaileach - vulnerable Aird - attention Tréithe - traits Cúisithe - accused

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    続きを読む 一部表示
    23 分
  • Ciontach: Martin 'The General' Cahill, duine de na coirpigh is cáiliúla i stair na hÉireann
    2024/08/26
    Ba é Martin Cahill – a.k.a The General – ceann de na Crime Lords is clúití in Éirinn. Rugadh é go beo bocht, mar chuid de chlann ollmhór, i lár na cathrach i mBÁC sna 1940í. Thosaigh Martin Cahill amach i mbun mionchion agus é óg agus lean sé ar aghaidh agus phleanáil sé ceann de na robálacha ba mhó le rá i stair na tíre. Tar éis na coireachta d’fhorbair Cahill stádas mistiúil i gcultúr na hÉireann, le roinnt daoine ag féachaint air mar laoch an phobail, Baile Átha Cliath bocht ó dhúchas. Ó maraíodh é sa bhliain 1994, spreag saol agus coireanna Martin Cahill leabhair, scannáin, agus tuairimíocht gan stad – the criminal whose life became the stuff of legend and infamy. Is é scéal Martin bunús scéal an scannán ‘The General’, agus an scannán 2000 ‘Ordinary Decent Criminal’ le Kevin Spacey agus Colin Farrell. Labhraíonn Róisín Ní Mhaoláin le Tessa Fleming leis an coirpeach is cluití in Éirinn a phlé. Foclóir: Áirid - eccentric Coirpeach – criminal Seodra – jewellery Fianaise – evidence Foréigneach - violent Tairne – nail Ba léir - it was apparent Aire – care Teagmhálaithe - contacts Táithí - experience Luachmhar – valuable Anonn is anall – back and forth Ifreann – hell Suntas – attention Oidhreacht – legacy Scaoileadh - shot

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    続きを読む 一部表示
    21 分